Arabic Bulgarian Chinese Deutsch Dutch English Espanol Francais Greek Hindi Italiano Japanese Magyar Polski
Portugues Romana Russian Turkish Ukrainian
News  -  Calendar  -  Call for Papers  -  Studies & Position Papers  -  Acta Astronautica  -  Commissions  -  Study Groups
Path of current page Home arrow Multilingual arrow IAA in Brief arrow Irish arrow Brief Saturday, 21 October 2017
Site Search
IAA in brief in Irish language Print

Go hAchomair

Bunaíodh: 16 Lúnasa 1960, i Stócólm na Sualainne le linn 11ú Comhdháil Idirnáisiúnta na Spásaireachta le Theodore Von Karman. Statúidí leasaithe: 1963, 1965, 1969, 1983, 1987 agus 1998.  Eagraíocht neamhspleách neamhrialtasach a aithníodh ag na Náisiúin Aontaithe i 1996.

Aidhmeanna: Forbairt na spásaireachta a chothú le haghaidh cuspóirí síochánta; indibhidí a bhain cáil amach i mbrainse gaolmhar eolaíochta nó teicneolaíochta a aithint; clár a chur ar fáil trínar féidir le baill páirt a ghlacadh in iarrachtaí idirnáisiúnta; comhoibriú i gcur chun cinn eolaíochta an aeraspáis.

Struchtúr: Cruinniú Rialta (gach re bliain). Bord na nIontaobhaithe (a bhuaileann le chéile dhá uair sa bhliain) ar a bhfuil: Uachtarán; ceathrar Leas-Uachtarán agus ocht nIontaobhaí is fiche, seachtar ó gach Rannóg: Eolaíochtaí Bunata, Eolaíochtaí Innealtóireachta, Eolaíochtaí Beatha, Eolaíochtaí Sóisialta.

Gníomhachtaí: Comhoibriú eolaíoch idirnáisiúnta a spreagadh trí shiompóisiamaí eolaíocha agus cruinnithe agus obair sé choimisiún speisialaithe: Eolaíochtaí Fisiciúla Spáis, Eolaíochtaí Beatha Spáis, Teicneolaíocht Spáis agus Forbairt Córais, Oibriú agus Úsáid Córais Spáis, Polasaí Geilleagar agus Dlí an Spáis, an Spás agus an tSochaí Cultúr agus Oideachas. Is é ceann de thionscnaimh mhóra an Acadaimh ná forbairt sraith “Léinn Cosmaigh” agus “Páipéar Seasaimh” atá ag déileáil le gnéithe iomadúla na n-iarrachtaí comhoibrithe idirnáisiúnta i dtaiscealadh agus áitriú chórais na gréine agus lastall; an smionagar spáis, na saitilítí beaga, dearbhú Prionsabail um Ghníomhachtaí a leanann Fionnadh Intleachta Eachtardomhanda, Sábhailteacht Seachfheithicle agus Comh-inoibritheacht Cultacha Spáis, Misin Neamhchostasúla Saitilítí Eolaíocha, Taiscealadh na Gealaí agus Mars, na Chéad Chéimeanna Eile i dTaiscealadh an Cianspáis, an Spás leis an tSíocháin a chur chun cinn, Bainistíocht Tráchta Spáis, Bainistíocht Eolais sna Gníomhachtaí Spáis, Misin Chostéifeachtacha Breathnadóireachta an Domhain.   

Imeachtaí: Bunú an chomhoibrithe le hacadaimh náisiúnta: Acadamh Ríoga Eolaíochtaí na Sualainne (1985), Acadamh Eolaíochtaí na hOstaire (1986, 1993), Acadamh Eolaíochtaí na Fraince (1988, 2001), Acadamh Eolaíochtaí na Fionlainne (1988), Acadamh Eolaíochtaí na hIndia (1990), Acadamh Eolaíochtaí na Spáinne (1989), Acadamh Eolaíochtaí na Gearmáine (1990), an Ísiltír (1990), Acadamh Eolaíochtaí Cheanada (1991), Acadamh Eolaíochtaí SAM (1992, 2002), Acadamh Innealtóireachta SAM (1992, 2002), Acadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí Iosrael (1994), Acadamh Eolaíochtaí agus Léinn na hIorua (1995), Acadamh Eolaíochtaí na Síne (1996), Acadamh Eolaíochtaí Turin (1988), Acadamh Eolaíochtaí na hAstráile (1998), Acadamh Ríoga Eolaíochtaí agus Ealaíon na hÍsiltíre (1999), Acadamh Eolaíochtaí na Brasaíle (2000), Acadamh Leighis SAM (2002).

Foilseacháin: Acta Astronautica (míosachán) foilsithe i mBéarla; ríomhnuachtlitir IAA; Imeachtaí Siompóisiamaí, Leabhar cinn bhliana, Foclóirí agus CD-ROM i sé theanga dhéag, Nuacht Seachtainiúil, Páipéir Seasaimh agus Léann Cosmach, Bunachar Sonraí Páipéar Eolaíoch ar shuíomh gréasáin an IAA.

Baill: Lánbhaill agus Baill Chúnta (gniomhach: 1213) i gceithre rannóg Iontaobhaithe; baill oinigh (5); baill i 75 thír.
- an Afraic: an Ailgéir, Buircíne Fasó, an Congó, an Éigipt, an Aetóip, an Cósta Eabhair, Maracó, an Nigéir, an tSeineagáil, an Túinéis.
- Críocha Mheiriceá: an Airgintín, an Bholaiv, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSile, an Cholóim, Cúba, Meicsiceo, Uragua, SAM, Veiniséala.
- an Áis: an Airméin,Bairéin, an tSín, an Ind, an Indinéis, Iosrael, an tSeápáin, an Chóiré, Cuáit, an Mhalaeisia, an Mhongóil, an Phacastáin, an Araib Shádach, Singeapór, Srí Lanca, an tSiria, an Téalainn.
-an Astráil: an Astráil.
-an Eoraip: an Ostair, an Bheilg, an Bhulgáir, an Chróit, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Ísiltír, an Iorua, an Pholainn, an Rómáin, an Rúis, an tSeirbia Montainéagró, Poblacht na Slóvaice, an Tuirc, an Ríocht Aontaithe, an Úcráin.

 
Dictionaries  -  Prog. Cttee  -  Paper Database  -  Site Map  -  Contact Us